A athair, Micí an Chóip, as Oileán Caorach, d’fhág sé an t-oileán nuair a bhí sé 14 bliana d’aois agus chuaigh sé ag obair in siopa in Árainn. Chaith sé traidhfil blianta ansin, chuaigh sé go Mín an Chladaigh, Ráth Bhoth agus ina dhiaidh sin bhí sé ar an Ghlaisigh. Ní raibh a athair ach ina fhichidí san am sin. Thosaigh a athair siopa in 1929 ar an Choitín agus fríd ama thosaigh sé óstán fosta. Théadh sé isteach go Gabhla agus Inis Meáin leis an siopa. Théadh sé isteach go Inis Oirthear fosta gur fhág na daoine an t-oileán. Théadh sé isteach uair sa tseachtain, d’fhágadh sé na hearraí uilig ar an ché agus thagadh na daoine anuas le cibé a bhí le díol acu féin, creathnach, carraigín, iasc úr agus uibheacha. Is iomaí uair a théadh Willie é féin isteach lena athair. Bhí sé ag díol achan rud sa tsiopa, bhíodh na earraí uilig le tomhas, chaitheadh Willie seo a dhéanamh i ndiaidh am scoile, siúcra, tae, min choirce, plúr. Ní raibh mórán airgid ag daoine san am agus cuid mhór den am, cheannaíodh siad a gcuid ar chreidiúint, théadh siad go hAlbain agus dhíoladh siad ar shon na n-earraí nuair a thagadh siad ar ais.
Bhí a mháthair ag amharc i ndiaidh an óstáin, ní raibh an áit iontach mór san am, b’iad na Bráithre Críostaí a ba mhó a bhíodh ag fanacht san óstán. | 00:07:24 | |